Blaiseadh na Gaeltachta: Cúrsa Gaeltachta i Rann na Feirste
Cur síos
16 Meitheamh - 20 Meitheamh 2025. Cúrsa seachtaine trí Ghaeilge do dhaoine fásta dírithe ar oidhreacht na Gaeilge i dTír Chonaill, ina n-áirítear seanchas, stair, logainmneacha, amhránaíocht, litríocht agus saol na Gaeltachta. Beidh na ranganna agus ceardlanna á dteagasc ag muintir na háite, in Áislann Rann na Feirste. Beidh teorainn 20 duine ar líon na rannpháirtithe. Bheadh an cúrsa seo fóirsteanach do dhaoine a bhfuil ardchaighdeán na Gaeilge acu.
Ní bheidh aisíocaíocht ar fáil i ndiaidh 1 Aibreán.
Nuashonrú: (5 Nollaig 2024): Dáileadh 10 n-áit do mhuintir Mheiriceá Thuaidh agus 10 n-áit do mhuintir na hÉireann, de bharr go bhfuil líon an-teoranta áiteanna sa chúrsa seo. Níl áit ar bith eile ar fáil do mhuintir Mheiriceá Thuaidh anois agus níl ach cúpla áit ar fáil do mhuintir na hÉireann.
Costas an chúrsa: $250 (~€236 bunaithe ar ráta malairte an lae)
Taisteal agus Lóistín: Tá na rannpháirtithe freagracht as a gcuid taistil, bia agus lóistín. Tá tuilleadh eolais faoi lóistín sa cheantar, idir sheomraí agus tithe, thíos. Coinnigh ort ag scrolláil fá choinne eolais.
Téann an bus go hAnagaire, cóngarach do Rann na Feirste: https://johnmcginley.com/routes-times/

Tuilleadh Eolais:
Clár an chúrsa
Tráthnóna Dé Domhnaigh, 15 Meitheamh: Beidh fáilte romhat teacht le chéile ag Teach Tábhairne Leo ag 8:30pm chun aithne a chur ar a chéile
Dé Luain 16 Meitheamh - Dé hAoine 20 Meitheamh: 9:30am Fáilte
Dé Máirt-Dé hAoine:
Ceardlanna 10am-11:30am
Sos tae
Ceardlanna 12:00pm-1:30pm
Sos lóin
Siúlóidí nó Turais 4pm
San Oíche
Dé Luain: bíonn seisiún ceoil ag Teach Hiúdaí Bhig (Bun Beag) i ndiaidh 9pm.
Dé Máirt: bíonn céilí ag Teach Jeaic (An Ghlaisigh)
Dé Céadaoin: bíonn ceol traidisiúnta ag Tábhairne Leo (Mín na Leice) i ndiaidh 9pm.
Déardaoin: Oíche Airneáil le ceoltóirí, amhránaithe agus seanchaithe san Áislann, á reáchtáil ag Seanchas Sheáin Néill, Bríd Anna Ni Bhaoill a bheas ann mar bhean an tí, ag 8:30pm
Siúlóidí
Tá na himeachtaí go léir roghnach. Beidh siúlóidí ar siúl fad is nach mbeidh an aimsir go holc. Bíonn sé ag cur go minic san iarthuaisceart: Bíodh cóta fearthainne agat! Beidh cuid de na siúlóidí ar an trá, agus cé nach mbeidh na siúlóidí contúirteach, ba cheart duit a bheith ciallmhar maidir le do chumas féin a bheith ag siúl ar thalamh míchothrom. Ar do phriacal féin atá sé agus níl Blaiseadh na Gaeltachta, Seanchas Sheáin Néill nó Conradh na Gaeilge Craobh Chumar an Dá Uisce freagrach as gortuithe nó damáiste a d’fhéadfadh a tharlú le linn siúlóidí.
Bialanna sa Cheantar
Danny Minnies: (dinnéar 6:30-9:30)
Caisleáin Óir: (lón agus dinnéar, ar oscailt ag 10:30am)
Time & Tide (caifé): ar oscailt ag 8:30am
Top Pizza Anagaire: (ceapairí, kebab, burgáir, píotsa) lón, dinnéar, ar oscailt go dtí 12:30 am.
Tábhairne Leo: dinnéar, ar oscailt ag 4pm
Sú: Caifé in Áislann Rann na Feirste
Roghanna Eile
Mura bhfuil dúil agat siúlóidí a dhéanamh, thiocfadh leat cuairt a thabhairt ar na háiteacha seo:
Drioglann Chroithlí: turais treoraithe, caifé
Ionad Cois Locha (Dunlewy Centre) : Siopa Ceirde, caifé
An Clachán: Dánlann cheirde agus ealaín, caifé, ag An Chúirt (Gaoth Dobhair)